CAIBIDIL XI Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 94. Treoir 95/46/CE a aisghairm
-
1. Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.
-
2. Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Déanfar aon tagairtí don Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil a bunaíodh le hAirteagal 29 de Threoir 95/46/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo.
Next
Airteagal 95. An gaol le Treoir 2002/58/CE