GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL VII Comhar agus comhsheasmhacht

Airteagal 75. An Rúnaíocht

  • 1.   Beidh rúnaíocht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

  • 2.   Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.

  • 3.   Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

  • 4.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo.

  • 5.   Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.

  • 6.   Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:

  • (a)    gnó laethúil an Bhoird;

  • (b)    an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;

  • (c)    cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;

  • (d)    úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;

  • (e)    faisnéis ábhartha a aistriú;

  • (f)    cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;

  • (g)    tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.

Suitable Recitals for article 75

X Close this recital