GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL VIII Leigheasanna, dliteanas agus pionóis

Airteagal 77. An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta

  • 1.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t-ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.

  • 2.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an ghearáin, lena n-áirítear an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 78.

Suitable Recitals for article 77

X Close this recital