GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL III Cearta an ábhair sonraí

Airteagal 21. An ceart chun agóid a dhéanamh

  • 1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar phointe (e) nó nó ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), lena n-áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin. Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

  • 2.   I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha margaíocht dhíreach, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh am ar bith i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi chun críocha na margaíochta sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid is a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den chineál sin.

  • 3.   I gcás go ndéanfaidh an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne próiseála chun críocha na margaíochta, ní dhéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críocha sin a thuilleadh.

  • 4.   Ar a dhéanaí, ag an tráth a rachfar i dteagmháil den chéad uair leis an ábhar sonraí, déanfar an ceart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a thabhairt go follasach ar aire don ábhar sonraí agus cuirfear faoina bhráid é go soiléir agus beidh sé scartha amach ó aon fhaisnéis eile.

  • 5.   I gcomhthéacs seirbhísí na sochaí faisnéise a úsáid, agus d'ainneoin Threoir 2002/58/CE, féadfaidh an t-ábhar sonraí a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh a fheidhmiú trí mhodhanna uathoibrithe lena n-úsáidtear sonraíochtaí teicniúla.

  • 6.   I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil, nó chun críocha staidrimh de bhun Airteagal 89(1), beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin a phróiseáil, ach amháin i gcás gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail.