GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL IV Rialaitheoir agus próiseálaí

Airteagal 36. Réamhchomhairliúchán

  • 1.   Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéanfar an phróiseáil i gcás ina léirítear sa mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 35 gur dóchúil go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú.

  • 2.   I gcás ina measann an t-údarás maoirseachta go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an t-údarás maoirseachta comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse ocht seachtaine ar a laghad ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, agus, nuair is infheidhme ar an bpróiseálaí, féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí atá aige dá dtagraítear in Airteagal 58 a úsáid. Féadfar síneadh sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an t-údarás maoireseachta an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, an próiseálaí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar na tréimhsí sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh faisnéis a d'iarr an t-údarás maoirseachta chun críocha an chomhairliúcháin faighte aige.

  • 3.   Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás maoirseachta de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir an méid a leanas ar fáil don údarás maoirseachta:

  • (a)    nuair is infheidhme, freagrachtaí faoi seach an rialaitheora, na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na bpróiseálaithe a dhéanann an phróiseáil, go háirithe le haghaidh próiseáil laistigh de ghrúpa gnólachtaí;

  • (b)    críocha agus modhanna na próiseála beartaithe;

  • (c)    na bearta agus coimircí dá bhforáiltear chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint de bhun an Rialacháin seo;

  • (d)    nuair is infheidhme, sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;

  • (e)    an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35; agus

  • (f)    aon fhaisnéis eile a iarrann an t-údarás maoirseachta.

  • 4.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás maoirseachta agus togra á ullmhú acu le haghaidh bearta reachtacha atá le glacadh ag parlaimint náisiúnta nó le haghaidh beart rialála bunaithe ar bheart reachtach den sórt sin, a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.

  • 5.   D'ainneoin mhír 2, féadfar, le dlí Ballstáit, a cheangal ar na rialaitheoirí dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, agus údarú a fháil uaidh roimh ré, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go bhféadfadh an rialaitheoir cúram éigin a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear an phróiseáil i ndáil le coimirce shóisialta agus sláinte phoiblí.