CAIBIDIL IX Forálacha a bhaineann le cásanna sonracha próiseála
Airteagal 89. Coimircí agus maoluithe i ndail le próiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh
-
1. Próiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, beidh sí faoi réir coimircí is iomchuí ó thaobh chearta agus saoirsí an ábhair sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a urramú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin ainm bréige a chur i bhfeidhm, ar choinníoll gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh ar an mbealach sin. I gcás gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh trí thuilleadh próiseála, más próiseáil í sin nach gceadaítear léi aitheantas na n-ábhar sonraí a chur in iúl nó nach gcéadaítear sin a thuilleadh, is ar an mbealach sin a chomhlíonfar na críocha sin.
-
2. I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit féadfar foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagal 15, 16, 18 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid agus is dealraitheach go bhfágann cearta den sórt sin nach féidir na críocha sin a bhaint amach nó go gcuirfear bac tromchúiseach ar a mbaint amach, agus a mhéid a bhfuil gá le maoluithe den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
-
3. I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagal 15, 16, 18, 19, 20 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid agus is dealraitheach go bhfágann cearta den sórt sin nach féidir na críocha sin a bhaint amach nó go gcuirfear bac tromchúiseach ar a mbaint amach, agus a mhéid a bhfuil gá le maoluithe den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
-
4. I gcás ina bhfreastalaíonn próiseáil de chineál dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar chríoch eile ag an am céanna, ní bheidh feidhm ag na maoluithe ach amháin de phróiseáil a dhéanfar chun na gcríoch dá dtagraítear sna míreanna sin.
Next
Airteagal 90. Oibleagáidí rúndachta
Gaeilge
Béarla
Gearmáinis
Fraincis
Spáinnis
Iodáilis
Portaingéilis
Ollainnis
Cróitis
Ungáiris
Rómáinis
Eastóinis
Seicis
Gréigis
Polainnis
Slóvaicis
Fionlainnis
Slóivéinis
Sualainnis
Maltese
Danmhairgis
Bulgáiris
Laitvis
Liotuáinis