CAIBIDIL III Cearta an ábhair sonraí
Airteagal 17. An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)
-
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:
-
(a) níl na sonraí riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad;
-
(b) tarraingíonn an t-ábhar sonraí siar a thoiliú a bhfuil an phróiseáil bunaithe air i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 9(2) agus i gcás nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile leis an bpróiseáil;
-
(c) déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) agus ní ann d'fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil, nó déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(2);
-
(d) rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta;
-
(e) is gá na sonraí pearsanta a léirscriosadh le go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;
-
(f) bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thairiscint.
-
2. I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d'oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun na rialaitheoirí a bhfuil próiseáil á déanamh acu a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nó aon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.
-
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 a mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach sna cásanna seo a leanas:
-
(a) chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú;
-
(b) chun go gcomhlíonfar oibleagáid dhlíthiúil lena n-éilítear próiseáil le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;
-
(c) ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí i gcomhréir le pointe (h) agus le pointe (i) d'Airteagal 9(2) chomh maith le hAirteagal 9(3);
-
(d) chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) a mhéid is dócha nach féidir cuspóirí na próiseala sin a ghnóthú nó go ndéanfaí dochar dá ngnóthú de bharr an chirt dá dtagraítear i mír 1; nó
-
(e) chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.
Next
Airteagal 18. An ceart go gcuirfí srian le próiseáil
Gaeilge
Béarla
Gearmáinis
Fraincis
Spáinnis
Iodáilis
Portaingéilis
Ollainnis
Cróitis
Ungáiris
Rómáinis
Eastóinis
Seicis
Gréigis
Polainnis
Slóvaicis
Fionlainnis
Slóivéinis
Sualainnis
Maltese
Danmhairgis
Bulgáiris
Laitvis
Liotuáinis