CAIBIDIL I Forálacha ginearálta
Airteagal 1. Ábhar agus cuspóirí
-
1. Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
-
2. Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.
-
3. Ní chuirfear srian le saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas ná ní chuirfear toirmeasc uirthi ar chúiseanna a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
Next
Airteagal 2. Raon feidhme ábhartha