CAIBIDIL VI Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha
Airteagal 59. Tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí
-
Déanfaidh gach údarás maoirseachta tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir lena chuid gníomhaíochtaí, ina bhféadfar liosta de chineálacha sáruithe a dtugtar fógra fúthu agus de chineálacha beart arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 58(2) a áireamh. Tíolacfar na tuarascálacha chuig an bparlaimint náisiúnta, chuig an rialtas agus chuig údaráis eile faoi mar atá ceaptha le dlí Ballstáit. Déanfar iad a chur ar fáil don phobal, don Choimisiún agus don Bhord.
Next
Airteagal 60. Comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann