GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL IX Forálacha a bhaineann le cásanna sonracha próiseála

Airteagal 91. Rialacha cosanta sonraí atá ag eaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha cheana

  • 1.   I gcás ina gcuireann eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i mBallstát, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar rialacha iad a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil, féadfaidh na rialacha sin leanúint d'fheidhm a bheith acu, ar choinníoll go ndéanfar iad a thabhairt i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

  • 2.   Maidir le heaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha a chuireann rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir maoirseacht ag údarás maoirseachta neamhspleách a fhéadfadh a bheith sonrach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil VI den Rialachán seo.

Suitable Recitals for article 91

X Close this recital