GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL VIII Leigheasanna, dliteanas agus pionóis

Airteagal 78. An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta

  • 1.   Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí.

  • 2.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith aige i gcás nach láimhseálann an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 agus Airteagal 56 gearán nó i gcás nach gcuireann sé an t-ábhar sonraí ar an eolas laistigh de thrí mhí maidir le dul chun cinn nó le toradh an ghearáin arna thaisceadh de bhun Airteagal 77.

  • 3.   Tionscnófar imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil an t-údarás maoirseachta bunaithe.

  • 4.   I gcás imeachtaí a thionscnaítear i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta ar thug an Bord tuairim nó cinneadh uaidh roimhe tríd an sásra comhsheasmhachta, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an cinneadh nó an tuairim sin ar aghaidh chuig an gCúirt.