GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL VI Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha

Airteagal 53. Coinníollacha ginearálta do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta

  • 1.   déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach comhalta dá n-údaráis maoirseachta le ceapadh trí nós imeachta trédhearcach agus gur ceann díobh seo a leanas a cheapfaidh é:

  • —    a bparlaimint;

  • —    a rialtas;

  • —    a gceann Stáit; nó

  • —    comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúraman ceapachán a dhéanamh faoi dhlí Ballstáit,

  • 2.   Beidh na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna is gá, go háirithe i réimse na cosanta sonraí pearsanta, ag gach comhalta d'fhonn na dualgais atá air a chomhlíonadh agus d'fhonn na cumhachtaí atá aige a fheidhmiú.

  • 3.   Tiocfaidh deireadh le dualgais an chomhalta má théann a théarma oifige in éag, má éiríonn sé as oifig nó i gcás scoir éigeantaigh, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

  • 4.   Ní dhéanfar comhalta a chur as oifig ach amháin i gcásanna mí-iompair thromchúisigh nó mura gcomhlíonann an comhalta a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach do chomhlíonadh na ndualgas.

Suitable Recitals for article 53

X Close this recital