CAIBIDIL II Prionsabail
Airteagal 11. Próiseáil nach ngabhann ceanglas sainaitheanta léi
-
1. Mura mbeidh ceanglas ar an rialaitheoir, maidir leis na críocha a ndéanann sé sonraí pearsanta a phróiseáil lena n-aghaidh, an t-ábhar sonraí a shainaithint nó nach bhfuil na ceanglais sin air níos mó, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir tuilleadh faisnéise a choimeád, a fháil nó a phróiseáil d'fhonn go sainaithneoidh sé, d'aon toisc chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, an t-ábhar sonraí.
-
2. Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go bhféadfaidh an rialaitheoir a thaispeáint nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint, cuirfidh an rialaitheoir an méid sin in iúl dá réir don ábhar sonraí, más féidir. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 15 go hAirteagal 20 ach amháin i gcás go soláthraíonn an t-ábhar sonraí tuilleadh faisnéise lena gcumasaítear é a shainaithint, chun críocha a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi na hairteagail sin.
Next
Airteagal 12. Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí
Gaeilge
Béarla
Gearmáinis
Fraincis
Spáinnis
Iodáilis
Portaingéilis
Ollainnis
Cróitis
Ungáiris
Rómáinis
Eastóinis
Seicis
Gréigis
Polainnis
Slóvaicis
Fionlainnis
Slóivéinis
Sualainnis
Maltese
Danmhairgis
Bulgáiris
Laitvis
Liotuáinis