GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL I Forálacha ginearálta

Airteagal 3. Raon feidhme críochach

  • 1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe atá lonnaithe san Aontas, is cuma cé acu an ndéantar an phróiseáil san Aontas nó nach ndéantar.

  • 2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil arna déanamh ag rialaitheoir nó ag próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta ábhar sonraí atá san Aontas, i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí próiseála leis an méid seo a leanas:

  • (a)    seirbhísí nó earraí a thairiscint d'ábhair sonraí den chineál sin san Aontas, is cuma an gá don ábhar sonraí íocaíocht a dhéanamh; nó

  • (b)    faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin chomh fada agus a dhéantar a n-iompar siúd laistigh den Aontas.

  • 3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag rialaitheoir nach bhfuil bunaithe san Aontas ach atá bunaithe in áit a bhfuil feidhm ag dlí Ballstáit de bhua dlí poiblí idirnáisiúnta.