GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL I Forálacha ginearálta

Airteagal 2. Raon feidhme ábhartha

  • 1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

  • 2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

  • (a)    má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

  • (b)    má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

  • (c)    má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

  • (d)    má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

  • 3.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.

  • 4.   Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.