GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL III Cearta an ábhair sonraí

Airteagal 23. Srianta

  • 1.   Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

  • (a)    an tslándáil náisiúnta;

  • (b)    an chosaint;

  • (c)    an tslándáil phoiblí;

  • (d)    cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

  • (e)    cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;

  • (f)    neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;

  • (g)    chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;

  • (h)    feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);

  • (i)    an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;

  • (j)    éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.

  • 2.   Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

  • (a)    críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála,

  • (b)    catagóirí na sonraí pearsanta,

  • (c)    raon feidhme na srianta a thugtar isteach,

  • (d)    na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc;

  • (e)    sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí,

  • (f)    na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh;

  • (g)    na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus

  • (h)    an ceart atá agna hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain.

Suitable Recitals for article 23

X Close this recital