CAIBIDIL V Aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta
Airteagal 46. Aistrithe faoi réir coimircí iomchuí
-
1. I gcás nach mbeidh cinneadh déanta de bhun Airteagal 45(3), ní fhéadfaidh rialaitheoir ná próiseálaí sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír ná go heagraíocht idirnáisiúnta ach amháin má tá coimircí iomchuí soláthraithe ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, agus ar an gcoinníoll go bhfuil cearta in-fhorfheidhmithe agus réitigh éifeachtacha dlí ar fáil d'ábhair sonraí.
-
2. Féadfar foráil a dhéanamh do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, gan aon údarú sonrach a bheith ag teastáil ó údarás maoirseachta, trí:
-
(a) ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí agus in-fhorfheidhmithe idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí;
-
(b) rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir le hAirteagal 47;
-
(c) clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);
-
(d) clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta agus arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);
-
(e) cód iompair formheasta de bhun Airteagal 40 i dteannta gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí; nó
-
(f) sásra deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42 i dteannta le gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.
-
3. Faoi réir an údaraithe ón údarás inniúil maoirseachta, féadfar foráil a dhéanamh freisin do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, ó:
-
(a) clásail chonarthacha idir an rialaitheoir nó an próiseálaí agus an rialaitheoir, an próiseálaí nó faighteoir na sonraí pearsanta sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta; nó
-
(b) forálacha le cur isteach i socruithe riaracháin idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí, lena n-áirítear cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe do na hábhair sonraí.
-
4. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
-
5. Leanfaidh údaruithe ó Bhallstát nó ó údarás maoirseachta de bheith bailí ar bhonn Airteagal 26(2) de Threoir 95/46/CE go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta sin iad a leasú nó a aisghairm nó go gcuirfidh sé údaruithe eile ina n-ionad, más gá. Beidh feidhm ag na cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 26(4) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a athchur nó a aisghairm, más gá, le Treoir ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
Next
Airteagal 47. Rialacha ceangailteacha corporáideacha
Gaeilge
Béarla
Gearmáinis
Fraincis
Spáinnis
Iodáilis
Portaingéilis
Ollainnis
Cróitis
Ungáiris
Rómáinis
Eastóinis
Seicis
Gréigis
Polainnis
Slóvaicis
Fionlainnis
Slóivéinis
Sualainnis
Maltese
Danmhairgis
Bulgáiris
Laitvis
Liotuáinis