CAIBIDIL IX Forálacha a bhaineann le cásanna sonracha próiseála
Airteagal 85. Próiseáil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil
-
1. Déanfaidh na Ballstáit réiteach de réir dlí idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear próiseáil chun críocha iriseoireachta agus chun críocha léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha.
-
2. I gcás próiseáil a dhéantar chun críocha iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha, déanfaidh na Ballstáit foráil do dhíolúintí nó do mhaoluithe ó Chaibidil II (prionsabail), Chaibidil III (cearta an ábhair sonraí ), Chaibidil IV (an rialaitheoir agus an próiseálaí), Chaibidil V (sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta), Chaibidil VI (údaráis mhaoirseachta neamhspleácha), Chaibidil VII (comhar agus comhsheasmhacht) agus Caibidil X (staideanna sonracha próiseála sonraí) má tá gá leo chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.
-
3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha ina dhlí atá glactha aige de bhun mhír 2 agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.
Next
Airteagal 86. Próiseáil agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla
Gaeilge
Béarla
Gearmáinis
Fraincis
Spáinnis
Iodáilis
Portaingéilis
Ollainnis
Cróitis
Ungáiris
Rómáinis
Eastóinis
Seicis
Gréigis
Polainnis
Slóvaicis
Fionlainnis
Slóivéinis
Sualainnis
Maltese
Danmhairgis
Bulgáiris
Laitvis
Liotuáinis