CAIBIDIL VII Comhar agus comhsheasmhacht
Airteagal 67. Malartú faisnéise
-
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a ghlacadh d'fhonn na socruithe a shonrú le haghaidh malartú faisnéise trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord, go háirithe an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 64.
-
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).
Next
Airteagal 68. An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí