CAIBIDIL II Prionsabail
Airteagal 8. Na coinníollacha is infheidhme maidir le toiliú linbh i dtaca le seirbhísí na sochaí faisnéise
-
1. I gcás go mbeidh feidhm ag pointe (a) d'Airteagal 6(1), maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a thairiscint go díreach do leanbh, beidh próiseáil sonraí pearsanta linbh dleathach I gcás ian mbeidh an leanbh os cionn 16 bliana d'aois. Má tá an leanbh faoi bhun 16 bliana d'aois, ní bheidh an phróiseáil sin dleathach ach amháin má thugann nó má údaraíonn, agus a mhéid a thugann nó a údaraíonn, sealbhóir na freagrachta tuismitheoireachta as an leanbh an toiliú sin.
-
Féadfaidh ballstáit a fhoráil le dlí d'aois is oige chun na gcríoch sin, ar choinníoll nach bhfuil an aois sin faoi bhun 13 bliana d'aois.
-
2. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an rialaitheoir iarrachtaí réasúnta a fhíorú gur thug nó gur údaraigh sealbhóir na freagrachta tuismitheoireachta as an leanbh toiliú, agus cuirfear an teicneolaíocht a bheidh ar fáil san áireamh.
-
3. Ní dhéanfaidh mír 1 difear do dhlí ginearálta na gconarthaí sna Ballstáit, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamh nó éifeacht conartha i ndáil le leanbh.
Next
Airteagal 9. Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil
Gaeilge
Béarla
Gearmáinis
Fraincis
Spáinnis
Iodáilis
Portaingéilis
Ollainnis
Cróitis
Ungáiris
Rómáinis
Eastóinis
Seicis
Gréigis
Polainnis
Slóvaicis
Fionlainnis
Slóivéinis
Sualainnis
Maltese
Danmhairgis
Bulgáiris
Laitvis
Liotuáinis