GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL III Cearta an ábhair sonraí

Airteagal 20. An ceart chun iniomparthacht sonraí

  • 1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a fháil, ar sonraí iad a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir, agus an méid sin i bhformáid atá struchtúrtha agus a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín agus ba cheart a cheadú don ábhar sonraí é a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhacainn ón rialaitheoir ar tugadh na sonraí pearsanta dó, i gcás:

  • (a)    ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2) nó ar chonradh de bhun phointe (b) d'Airteagal 6(1); agus

  • (b)    go ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe.

  • 2.   Agus an ceart chun iniomparthacht sonraí de bhun mhír 1 á fheidhmiú aige nó aici, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a chur faoi deara go dtarchuirfear na sonraí pearsanta go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil.

  • 3.   Is gan dochar d'Airteagal 17 a bheidh feidhmiú an chirt sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag an gceart sin maidir leis an bpróiseáil sin a bheidh riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéanfar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.

  • 4.   Ní dhéanfaidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile.

Suitable Recitals for article 20

X Close this recital