GDPR Made searchable by Algolia logo

GDPR Made searchable by Algolia logo

CAIBIDIL VIII Leigheasanna, dliteanas agus pionóis

Airteagal 82. An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas

  • 1.   Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó.

  • 2.   Aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil, beidh sé faoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo. Ní bheidh próiseálaí faoi dhliteanas i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála ach amháin i gcás nár chomhlíon sé oibleagáidí an Rialacháin seo atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha leo.

  • 3.   Beidh rialaitheoir nó próiseálaí díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.

  • 4.   I gcás ina bhfuil baint ag níos mó ná rialaitheoir nó próiseálaí amháin, nó ag rialaitheoir agus próiseálaí araon, leis an bpróiseáil chéanna agus i gcás ina bhfuil siad freagrach, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, as aon damáiste a raibh an phróiseáil ina chúis leis, beidh gach rialtheoir nó próisealaí faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste, ionas go n-áiritheofar go dtabharfar cúiteamh éifeachtach don ábhar sonraí.

  • 5.   I gcás inar íoc rialaitheoir nó próiseálaí, i gcomhréir le mír 4, cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh, beidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sin i dteideal an chuid sin den chúiteamh a chomhfhreagraíonn dá chuid freagrachta i leith an damáiste i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, a éileamh ar ais ó na rialaitheoirí nó na próiseálaithe eile a raibh baint acu leis an bpróiseáil chéanna.

  • 6.   Déanfar imeachtaí cúirte i ndáil le feidhmiú an chirt chun cúiteamh a fháil, a thionscnamh os comhair na gcúirteanna atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 79(2).